Séanadh Dlíthiúil
Cóipcheart
Is leis An Bhord Pinsean cóipcheart an ábhair atá ar áireamh i láithreán gréasáin an Bhoird Phinsean. Is féidir leas a bhaint as an ábhar seo d’fhonn úsáid phríobháideach neamhthráchtála ar choinníoll go gcoinníonn aon chóip gach cóipcheart agus gach fógra dílseánach eile atá ar áireamh sa bhunábhar. Níl se ceadaithe na hábhair ar an láithreán gréasáin seo a athrú ar aon bhealach nó iad a atáirgeadh nó a thaispeáint , a chur i láthair nó a dháileadh go poiblí nó iad a úsáid chun críocha poiblí nó tráchtála eile.
Séanadh Dlíthiúil
Ullmhaíodh ábhar an láithreáin gréasáin seo chun eolas ar phinsin a chur ar fáil agus níos sonraí chun eolas a chur ar fáil ar ról agus ar fheidhmeanna An Bhoird Phinsean maidir le scéimeanna pinsean gairme. Agus an láithreán gréasáin á sholáthar níl An Bord Pinsean ag ofráil comhairle dlíthiúil nó comhairle tráchtála. Ní foinse iomlán eolais ar phinsin an t-eolas sa láithreán gréasáin seo. Má tá comhairle shonrach de dhíth ba chóir duit dul i gcomhairle le gairmí atá cáilithe go hoiriúnach.
Siúd is go bhfuil gach iarracht déanta ag An Bhord Pinsean lena chinntiú go bhfuil an t-eolas atá ar áireamh sa láithreán gréasáin ceart agus cruinn, is féidir, mar sin féin earráidí nó easnaimh a bheith san ábhar ó am go chéile. Ní ghlacfaidh An Bord Pinsean, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dliteanas ar bith as aon earráidí nó easnaimh san eolas nó sna sonraí nó as aon chaillteanas nó díobháil a tharlaíonn d’aon duine a théann i mbun gnímh nó nach dtéann i mbun gnímh de thoradh ar eolais nó ar shonraí atá ar áireamh sa láithreán gréasáin seo.
Naisc
Ní cheadaítear hipirtéacs nó naisc eile chuig an láithreán gréasáin seo gan chead ón Bhord Pinsean. Má theastaíonn uait nasc a sholáthar chuig an láithreán gréasáin seo, ba chóir duit a chur in iúl dúinn sa ríomhphost ag info@pensionsboard.ie agus sonraí a thabhairt d’ aimsitheoir(í) aonfhoirmeach(a) acmhainne (URL(s)) an leathanaigh ( na leathanach) le naisc chuig ár láithreán gréasáin agus URL(s) an leathanaigh (nó na leathanach) ar mhian leat nasc a chruthú chucu ar ár láithreán gréasáin.