Rialúchán: monatóireachta agus maoirsiú
Áirítear i measc thosaíochtaí an aonaid Rialúcháin:
- iniúchtaí a dhéanamh maidir le staid agus iompar scéimeanna
- iniúchadh ar cháipéisíocht a chaitheann scéimeanna a sholáthar
- cinntiú go gcloítear leis an gCaighdeán Maoinithe i gcás na scéimeanna sochair sainithe
- táirgí PRSA a fhaomhadh i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Lena chinntiú go bhfuil a chleachtais rialúcháin éifeachtach agus go ndírítear a ghníomhaíochtaí ar na modhanna is tábhachtaí agus is éifeachtaí, glacann an Bord le cur chuige maoirsiúil bunaithe ar ordlathas tosaíochtaí riosca mar seo a leanas:
- mídhílsiú a dhéanamh ar shócmhainní nó ranníocaíochtaí scéime nó PRSA
- teidlíochtaí sochair a ríomhtar mícheart
- maoiniú neamhleorach a dhéanamh ar scéimeanna sochair sainithe
- infheistiú neamhchomhlíontach ar shócmhainní pinsin
- eolas neamhleor a thabhairt do bhaill.
Téann an fhoireann Rialúcháin i ngleic le haonáin rialaithe agus lena soláthraithe riaracháin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil chomhlíontachta bunaithe ar na tosaíochtaí thuas.