Feachtas Náisiúnta um Fheasacht Pinsean (NPAC)
Tá an Bord ag forfheidhmiú an Fheachtais Náisiúnta um Fheasacht Pinsean, thar ceann an Rialtais ó 2003. Bunaíodh an feachtas chun feasacht an phobail ar phinsin a ardú chun roghnú pinsin a fheabhsú.
Áirítear i measc na bpríomhthosaíochaí don NPAC:
- feasacht ar phinsin a ardú lena n-áirítear tuiscint níos fearr ar phinsin agus tacaíocht d'fhaoiseamh cánach, go háirithe i measc sprioc-chustaiméirí nach bhfuil mórán eolais acu ar phinsin
- gníomhaíocht a ardú ina measc siúd nach bhfuil soláthar pinsin acu
- líon na ndaoine a théann i ngleic le leorgacht a soláthar pinsin a ardú
- forbairt ar phleanáil oideachais agus ar chláir oideachais a chur chun cinn.