Beartas um Phinsin
Tá dualgas reachtúil ar an mBord comhairle a chur ar an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar chúrsaí pinsin. Ag tarraingt ar a bhallraíocht chomhpháirtíochta, tá ról tábhachtach ag an mBord i gceapadh beartais trí:
- Chomhairle theicniúil shaineolaíoch a chur ar an Rialtas maidir le saincheisteanna casta pinsin.
- Úsáid a bhaint as an eolas a fhaightear ó ghníomhaíocht rialucháin chun treoir thráthúil agus beacht a chur ar fáil chun soláthar agus slándáil pinsin a láidriú agus trí reachtaíocht a cheapadh dá réir.
- Foinsí eolais nua a fhorbairt, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn in aghaidh spriocanna clúdaigh agus feasacht a chruthú orthu seo.