An Bord
Is Comhlacht ionadaíoch atá sa Bhord Pinsin, ar a bhfuil cathaoirleach agus sé ghnáthchomhalta déag. Cé go gceapann an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh na comhaltaí uile, faoi fhorálacha Acht na bPinsean, caithfear ionadaithe an Bhoird a roghnú ó dhaoine a ainmníonn ceardchumainn, fostaithe, an Rialtas, tionscal na bpinsean, iontaobhaithe agus grúpaí gairmiúla a bhaineann le scéimeanna pinsin gairme. Is téarma chúig bliana atá i gceist do chomhaltaí an Bhoird.
D'fhógair an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ceapachán chomhaltaí an Bhoird Pinsin a tháinig i bhfeidhm an 21 Nollaig 2005 ar feadh cúig bliana. Tá liosta de chomhaltaí an Bhoird le fáil i gcomhaid bhainteacha.